DFP Header Area

Share this MunsterRugby.ie page

Rugbai Chorca Dhuibhne Season Review:

11th June 2014 By Munster Rugby

Rugbai Chorca Dhuibhne Season Review:

Munster Youth Club of the Year Rugbaí Chorca Dhuibhne review last season and look forward to continued success for 2014/15

Courtesy of:- Niamh Ní Bhaoill, Rugbaí Chorca Dhuibhne Club PRO

Gan dabht, nuair a fhéachaimíd siar ar shéasúr 2013 – 2014 aithneofar é mar an séasúr is fear a bhí ag an club ó bunaíodh í. Cé gur léiriú maith iad na Cupaí ar an méid atá bainte amach, ní h-iad na 4 chupa amháin a dhein séasúr iontach as an ceann seo.

Tá líon na n-imreoirí méadaithe 15%, d’fhill na sinsir ar chomórtais agus tá foireann seasmhach 20+ anois ann,"Rugbaí agus ochtar a tháinig aníos tríd an gcóras oige le dhá bhlian anuas san áireamh ansin. Comhartha maith don todhchaí.

Tá seisear imreoir ón gClub páirteach i bhfoirne forbartha agus i Rugbaí na mBan. Bhí triúr imreoir againn ar fhoireann na Mumhan: Hannah Collins ó Chill Áirne., Sorcha Holohan ó Aonach Úrmhumhan agus Neasa McKenna ón nDaingean. Chuaigh Sorcha chun cinn ar son an chlub ar fhoireann fé 19 provincial na hÉireann.

Dhein an aimsir an diail orainn i mbliana, ar nós na héinne eile, agus déanadh dochar do na goirt, na soilse agus an clubtheach. Táimid buíoch do CLG na Gaeltachta as teacht i gcabhair orainn ar feadh roinnt seachtainí tríd áiseanna a roinnt linn nuair nach bhféadfaimís ár ngort fhéin a úsáid.

Beimid ag obair go dian chun a chinntiú go bhfuil infrastuchtúr láidir againn agus áiseanna maithe. Toisc an sár obair a dhein daoine ag bailiú airgid don club tá sciar dár bhfiacha glanta again agus má bhíonn cupla blian eile mar seo againn, ní fada go mbeidh na fiacha glanta agus an deis again forbairt a dhéanamh ar na háiseanna rud a rachadh chun tairbhe gach éinne sa chlub.

I measc na mbuaicphointí a bhí againn i mbliana, bhí cuairt ochtar imreoir na Mumhan ar an nDaingean ar an oíche sóisialta ab fhearr a bhí ag an Club riamh. D’fhreastal na Mini’s ar blitzanna timpeall an Chondae agus bhí dhá lá fíor thaitneamhach againn age baile ag fáiitiú roimh Clubanna eile. Bhí ócáid iontach againn le déanaí í dTig Danno áit ar bronnadh boinn agus Gradaim aitheantais ar na foirne agus imreoirí ar leith. Comhgháirdeachas le imreoirí na bliana: Fé 14, Seán Breandán Ó Beaglaoich, Fé 16, Jamie Granville, Fe 18, Brian Devine. Imreoirí Óga na Bliana Oisín Ó hEartáin agus Cathal Begley, Imreoir Sinsir na bliana, Micheál Breathnach agus Pearsa na Bliana, Adam Daly. Comgháirdeachas chomh maith leis na himreoirí agus traenálaithe go léir a bhí páirteach i mbuachaint Corn Galwey Foley, Corn Moss Keane agus Pláta fé 16 Iarthar na Mumhan.

Táimid fíor bhuíoch do John Holstead, Uachtarán agus Mick Dooley, Cathaoirleach a d’éirí as a gcuid freagrachtaí ag an gcruinniú cinn bhliana. Is iontach an méid oibre, fuinnimh agus dúthracht a chaitheadar ar mhaithe leis an gClub le blianta anuas agus táimid fíor bhuíoch dóibh. Fáiltímid roimh Uachtarán nua an Chlub, Seán Breanndán Ó Conchúir agus an Cathaoirleach nua, Gary Curran.

Tá an-chreidiúint ag dul dár n-urraitheoirí Cosaí, Lee Strand, Grúdlann an Daingin agus do gach éinne a thug síntúis i gcaitheamh na bliana. Táimid fíor bhuíoch daoibh go léir. Agus ár mbuíochas chomh maith leis na traenálaithe, tuismitheoirí, agus lucht tacaíochta go léir a sheas linn i gcaitheamh na bliana, gura fada buan sibh. Táimid ag súil go mór leis an chéad séasúr eile. RCD abú!

Rugbaí Chorca Dhuibhne Season Review:

Looking back on the 2013-2014 season it is easy to say it was the club’s most successful season in its history. While winning trophies is a good measure of a successful season it wasn’t just the 4 trophies won that made this season so good.

Playing numbers across all age groups are up by 15%, the seniors returned to competitive rugby and now have a stable squad with 20+ players including 8 players who have come through the youth system in the last two years.

We currently have 6 players involved in development squads and in the ladies section we had 3 Munster U18’s representatives, Hannah Collins from Killarney, Sorcha Holohan from Nenagh and Neasa McKenna from Dingle. Sorcha also went on to represent the club for The Ireland Under-19 Provincial side.

In terms of club development, the weather played havoc with the pitches, lights and clubhouse. Some infrastructural issues have been identified which need to be sorted out. The excellent fundraising carried out over the past season has eaten into the debt and if we have another few years like this one the club will be operating debt free and can start looking forward to developing the facilities and improving our existing ones.
Our sponsors Cosaí, Lee Strand, The Dingle Distillery and all the other people who donated to the club throughout the year deserve great credit, the success would not have been possible without your support.
""
Rugbaí Chorca Dhuibhne Senior Squad pictured at Musgrave Park.
""
Sorcha Holohan of Rugbaí Chorca Dhuibhne with the Ireland U19 sevens squad.
""
Imreoirí na bliana Rugbaí Chorca Dhuibhne 2013-2014. Ar chúl: Fé 16, Jamie Granville, Imreoir Sinsir na bliana, Micheál Breathnach, Imreoir Óg na Bliana, Cathal Begley, Pearsa na Bliana, Adam Daly, Captaein ionaid, Déaglán Ó Súilleabháin. Chun tosaigh: Fé 18, Brian Devine, Fé 14, Seán Breandán Ó Beaglaoich, Imreoir Óg na Bliana, Oisín Ó hÉartáin.

Share

DFP – Right Column – HalfPage

Tags

DFP – Right Column – MPU

Related News

Munster wrapped up their second win on their South African tour with an impressive victory over the Lions in Johannesburg in the BKT United Rugby...

X