DFP Header Area

Share this MunsterRugby.ie page

Girls Rugby At Rugbaã Chorca Dhuibhne

2nd February 2015 By Munster Rugby

Girls Rugby At Rugbaã Chorca Dhuibhne

Check out the latest news on the girls rugby teams in Dingle club Rugbaã Chorca Dhuibhne.

Naoise Ní Mhuirí

I mí Iuíl 2014 bhí an chéad bhabhta triallacha ar siúl chun a bheith ar Fhoireann Ban na Mumhan faoi 18. Bhí orainn taisteal chuig Máinistis Fhear Maí I gContae Chorcaí dhá lá chun dhá cluiche beag ceathrú uair a chlog a imirt ar an dhá lá. Tar eís coicíos nó mar sin fuaireamar ríomh-phoist ag rá linn cé a bheadh ag dul ar aghaidh chuig na campaí traenála samhraidh agus an chéad bhabhta eile de triallacha. D’éirigh le Aoife Nic Ginneá, Doireann Ní Chonaill agus Aisling Ní Bhrosnacháin dul ar aghaidh chucu seo.

Ar feadh 6 seachtaine bhí orainn tiomáint go dtí páirc Tobair Rí an Domhnanaigh I gCoraigh gach Déardaoin chun traenáil uair go leith a dhéanamh. D’fhoghlaimíomar drilleanna nua agus chabhraigh said linn chun a bheith níon láidre, níos achlaí agus níos folláine. Dhean said lúthcleasaithe ceart asainn. Faoi deireadh an séú seachtaine bhí orainn taisteal chuig Thiobraid Árann chun na triallacha derieanacha a dhéanamh. Bhí said an cosúil leis na cinn a bhí again cheanna féin ach níos corraitheach.

Bhí gach éinne ag iarraidh a bheith chomh maith agus a d’fhéadfaidis agus theastaigh uathu dul I bhfeidhm ar na roghnóirí. Timpeall coicíos ina dhiadh sin fuaireamar ríomh-phost eile ag insint an dea scéal dúinn go bhfuair an triúir again áit ar Foireann Ban na Mumhan faoi 18! Bhíomar a mhúin na muice, ní fhéidfaimís é a creidiúnt. Cuireadh glaoch orainn teacht thar n-ais go traenáil I dTiobraid Árann arís an tseachtain dár gcionn.

Tar éis coicíos bhí ár gcéad chluiche againn I gcoinne Chúige Chonnacht I mBaile Átha na Slua, Co. na Gaillimhe. Bhí an-lá agus an-comórtas again. Bhuaigh Chúige Mumhan leis an scór: 5-28 ag an derieadh. Tar éis sin bhog ár dtraenáil seachtainiúil go Carraig Uí Leighin. D’oibríomar go cruaidh agus d’fhoghlaimíomar an cuid scilleanna nua. Comh maith le sin fuaireamar éide no Mumhan le caitheamh le linn ár gcluichí eile.

Ar an 18ú lá de mhí Dheireadh Fómhair bhí orainn taisteal go dtí Baile Áthe Cliath. Bhí dhá cluiche againn an lá sin, ceann I gcoinne Chúige Uladh agus ceann elie I gcoinne Chúige Laghin. Bhí mí-adh linn agus chailleamar an dhá cluiche le h-úd amháin. Ach ag an am céanna bhíomar an brodúil asainn féin tar eis cluichí a imirt in aghaidh gach cúige eile sa gheansaí dearg.

Bhí cluiche amháin eile again I gcoinne Chúige Chonnacht I Luimneach ar an 1ú lá de Mhí na Samhna agus bhuamar an cluiche sin leis an scór: 12-5. Bhí cad é céiliúradh an lá sin toisc gur ab é ár gcluiche derineach. Fanfaidh an cúpla mí in ár gcuimhne go deo. Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a rá lenár dtraenálaithe Danno, Amanda, Eugene agus John a thug treoir, misneach agus cabhair dúinn agus a dúirt linn go gcreideann said go bhfuilimid maith go leor chun geansaí na Mumhan a caitheamh. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn.

Faoi 13
Thosaigh foireann Coláiste Íde faoi 13 I mbhlianna. Bhíodar ag imirt I gcoinne Mainistir na Féile I gCill Ruis I gContae an Chláir. Cluiche iontach a bhí ann agus bhí an bua acu. Ní raibh an t-adh leo leis na cluihe eile. Ach tá said réidh agus ag tnúth go mór don bliain atá rompu

Rugbaí Chorca Dhuibhne Girls
Tá suim ag cailíní Choláiste Íde in san rugby mar is spórt aclaí, fisiciúil é. Tugann an traenálaí, Danno Ó Caoimh, cabhair agus treoir dos na cailíní agus iad ag traenáil nó ag imirt ins na comórtaisí. Bíonn cailíní Coláiste íde ag traenáil go dian gach seachatain ó mí Mean fomhair. Fiú nuair a bíonn sé ag stealladh baistí usáidimid áiseanna na scoile, Cúirt Boscó chun ár aclaíochta a fheabhsú.

Glacamar páirt I gcomórtaisí éagsúla ó Mhí Meán Fhomhair go dtí Mí na Nollag. Bhí foireann sóisear agus foireann sinser againn. Dimríomar I bpairc Mainistir na Féile,agus An Institúid Teicneolaíochta Chorcaí (CIT). Bhí an deis againn bualadh le imreoirí den scoth ó Bheantraí,St.Mary’s agus Coláiste ide agus Iosaf agus an tSionainn.

Bhí an lámh in uachtar ag an dá fhoireann tríd an gcomórtas. Chuamar ar aghaidh go dtí na cluichí leathcheannais. D’imir an foirenn sinser igcoinne Coláiste íde agus Iosaf I bpáirc rugbaí na Sionainne. Ach ar an drochuair chaileamar, bhí an bua ag Coláiste ide agus Iosaf. Bhí an cluiche ana congrach go dtí an nóimead dearnach. Tá sé I gceist againn teacht thar nais an bhlian seo chun an bua a bheith againn sa chéad cluiche elie!

Chuaigh an foireann sóisear chomh fada leis an cluiche leathcheannais, ach ní raibh an tádh leo. Mar a deir an seanfhocal- beidh lá eile ag an bpaorach agus beidh seans eile ag Coláiste Íde an Cluiche Ceannais a bhaint amach i mbliana le cúnamh Dé.

Táimid ag siúl go mór le cuid elie an bhliain agus na déiseanna iontach atá romhainn amach.

Share

DFP – Right Column – HalfPage

Tags

DFP – Right Column – MPU

Related News

X